GAE1015 Amhráin na Gaeilge Assignment Essay 2026 | Dublin City College
| University | Dublin City University (DCU) |
| Subject | GAE1015 Amhráin na Gaeilge |
GAE1015: Amhráin na Gaeilge Assignment
Scríobh aiste c.1,000 focal ar cheann amháin de na topaicí thíos. Is gá tagairt a dhéanamh d’fhoinsí an mhodúil (moltar 3 cinn ar a laghad).
- Tugann na hamhráin sean-nóis léargas dúinn ar an saibhreas a bhaineann le stair agus le cultúr na hÉireann. *Pléigh an ráiteas seo agus déan tagairt d’ábhar an mhodúil i do fhreagra.*
nó
- Tugtar léiriú ar théamaí éagsúla sna hamhráin sean-nóis (m.sh. an grá, an fharraige, obair, suantraithe, srl). Scríobh aiste faoin úsáid phraiticiúil agus chruthaitheach a bhainfeá as téamaí faoi leith a thagann chun cinn sna hamhráin sean-nóis sa seomra ranga. *Déan tagairt d’ábhar an mhodúil i do fhreagra.*
TREOIR
Spriocdháta
Is é an 23 Aibreán 2026 @6in an spriocdháta. Ba cheart cóip den aiste a uaslódáil ar an leathanach Loop. Ní ghlacfar le hobair atá déanach. Cuirfear an marc san áireamh ag deireadh na bliana.
Fad na haiste
Aiste c.1,000 focal atá le scríobh ar ábhar an chúrsa.
Cruinneas teanga
Bíodh an Ghaeilge cruinn, idir ghramadach agus litriú agus tabharfar aitheantas faoi leith d’aistí atá an-chruinn ó thaobh teanga de.
Cló
Ba cheart an aiste a chlóscríobh i gcló 12 pointe agus i spásáil a haon go leith (1.5).
Polasaithe Fiontar & Scoil na Gaeilge
Ba cheart an ‘Treoir Ghinearálta maidir le hobair do mheasúnú’ agus ‘Polasaí Fiontar agus Scoil na Gaeilge maidir le hobair dhéanach’ a leanúint. Tá na polasaithe sin ar fáil ar leathanach Loop an chúrsa.
Intleacht Shaorga (Artificial Intelligence)
Níl cead úsáid a bhaint as intleacht shaorga don mheasúnú ar an modúl seo. ***Ná bain úsáid as Google Translate, ChatGPT nó uirlis ar bith eile dá leithéid.
Do thuairimí féin
Tá fáilte roimh do thuairimí féin ar an ábhar. Ní mór ráitis/breithiúnais a chruthú le tagairtí do shaothair chritice.
Leagan amach na haiste
Tabharfar aitheantas do struchtúr soiléir loighciúil, do leagan amach néata slachtmhar, agus do chur i bhfeidhm ceart na gcoinbhinsiún maidir le tagairtí, an leabharliosta, fonótaí srl.
Tagairtí
Iarrtar ar mhic léinn úsáid a bhaint as ceann amháin den dá chóras tagartha seo: an córas ‘údar-dáta’ nó córas tagartha an MHRA.
Ceisteanna
Má bhíonn ceist agat faoin measúnú nó faoi aon ghné d’ábhar an chúrsa, déan teagmháil leis an Dr. Síle Denvir ag sile.denvir@dcu.ie nó leis an Dr. Pádraig Ó Liatháin ag padraig.oliathain@dcu.ie
FOINSÍ
Cúlra & Comhthéacs
Breathnach, Breandán (1989) Ceol agus Rince na hÉireann. Baile Átha Cliath: An Gúm
Denvir, Síle (2018) ‘An Amhránaíocht ar an Sean-nós’ le fáil ag:
https://www.ainm.ie/diolamai/sean-nos
Mac Con Iomaire, Liam (1999) ‘Sean-Nós’. In: Fintan Vallely (ed). The Companion to Irish Traditional Music. Cork: Cork University Press. 336-338.
Ó Conghaile, Mícheál, Ó Tuairisc, Lochainn agus Ó Ceannabháin, Peadar (eag.) (2013) Leabhar Mór na nAmhrán. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Na hAmhráin Ghrá
Nic Eoin, Máirín (2000) ‘“Scéal ar an nGrá”: Na hAmhráin Ghrá agus an Smacht Sóisialta’. In: Riggs, P., Ó Conchúir, B., agus Ó Coileáin, S. (eag.) Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 233-259.
Ó Tuama, Seán (2001) An Grá in Amhráin na nDaoine. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta., 2001.
| Suantraithe | |
| Nic Loclainn, Sorcha (2017) ‘ | Suantraithe na Gaeilge: Seánra Sainiúil na mBan’. COMHARTIris |
[Idirlíon] Ar fáil ag: https://comhar.ie/iris/77/5/suantraithe-na-gaeilge-seanra-sainiuil-na-mban
Ní Shíocháin, Tríona (2020) ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’: an teanga fhíortha agus próiseas an deasghnátha i seoithín traidisiúnta ó Ghaeltacht Mhúscraí. In: ComharTaighde 10. Ar fáil anseo.
Na hAmhráin Oibre
Ó Madagáin, Breandán (2005) Caointe Agus Seancheolta Eile/Keening And Other Old Irish Musics Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.
Uí Ógáin, Ríonach, and Thérèse Smith (1998). “Cumhdachaí.” Béaloideas 66: 199–216.
Na Báid agus an Fharraige
Uí Ógáin, Ríonach (1999). ‘‘In Aghaidh Farraige agus Feothain’: Amhráin Mholta Bád ó Chonamara’. In: Ruairí Ó hUiginn (eag.) Foinn agus Fonnadóirí, Léachtaí Choilm Cille 29. 37-66.
Podchraoladh (podcast)
Denvir, Síle (2018) ‘What is Sean-Nós Singing?’ The Rolling Wave Podcast, RTÉ https://www.rte.ie/radio/radio1/clips/21732230/
Suíomhanna Idirlín (websites)
https://seannos.tg4.ie/ https://www.joeheaney.org/ga/ https://www.itma.ie/ https://www.orielarts.com/ https://doegen.ie/
https://www.tobarandualchais.co.uk https://www.ainm.ie
https://www.sorchaníghuairim.ie
Léitheoireacht Bhreise
Henigan, Julie (1991) ‘Sean-nós in Donegal: in search of a definition’. Ulster Folklife 37. lgh. 97-105.
Ar fáil ag: https://www.mustrad.org.uk/articles/sean-nos.htm
Ó Canainn, Tomás (1993) Traditional Music in Ireland, Cork: Ossian Publications.
Ó Madagáin, Breandán (1985) ‘Functions of Irish Folk Song in the Nineteenth Century’. Béaloideas
- 130-216. (Ar fáil ar Jstor)
Williams, Sean (Earrach 2004) ‘Melodic Ornamentation in the Connemara singing of Joe Heaney’,
New Hibernia Review Iml. 8, Uimh 1. (Ar fáil ar Jstor)
Williams, Sean. & Ó Laoire, Lillis (2011) Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man. Oxford University Press, 2011.
Williams, Sean. (2010) Focus: Irish Traditional MusicLondon: Routledge, 2010.
➢ Need Help With GAE1015 Amhráin Na Gaeilge Essay?
Many dublin city college students struggle with gae1015 amhráin na gaeilge essay assignments due to strict language accuracy requirements, module source referencing, and the no-ai policy. There is no need to worry, as irish essay help by Ireland Assignments provides academically compliant, carefully structured support. For trust and quality assurance, students can review our irish assignment samples, written with strong grammatical accuracy and proper mhra or author-date referencing. If you need a well-argued 1,000-word essay with clear structure and accurate gaeilge, choose our DCU assignment help and order a custom, human-written gae1015 solution created exclusively for you.

